Na Buntáistí

Nuair a thógfar é, tabharfaidh Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann go leor buntáistí do Thiobraid Árann, d’Éirinn agus don Aontas Eorpach.

It will:

  • Cabhróidh sé le fuinneamh iontaofa a chur ar fail trí fhuinneamh in-athnuaite a stóráil agus a chothromú le go mbeidh soláthar seasta leictreachais ar fáil.

  • Laghdóidh sé costais trí fhuinneamh saor a stóráil nuair atá sé ar fáil, agus é a úsáid le linn buaic-amanna chun billí a laghdú.

  • Cabhróidh sé leis an gcomhshaol trí úsáid a bhaint as níos mó fuinnimh in-athnuaite, dramhaíl a laghdú, agus truailliú a laghdú

  • Bainfidh sé úsáid níos fearr as fuinneamh in-athnuaite in áit a bheith ag brath ar bhreoslaí allmhairithe.

  • Cruthóidh sé poist, cuirfidh sé borradh faoi gheilleagair áitiúla agus feabhas ar thaitneamhachtaí pobail, agus cruthóidh sé deiseanna nua.

Ag cabhrú le foinsí fuinnimh a éagsúlú

Is cuid d’fhorbairt margaidh fuinnimh comhtháite don Eoraip é Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann. Cuirfidh an margadh lán-chomhtháite seo ar chumas an Aontais:

  • Fuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a chur ar fáil do gach saoránach

  • Úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn ar mhaithe le todhchaí ísealcharbóin.

  • Éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú chun leas tomhaltóirí in Éirinn agus san Eoraip araon

Todhchaí ísealcharbóin a chur chun cinn

rainbow-over-silvermines-selina-omeara
Saol sona i ndán do Bhéal Átha Gabhann
Téigh Suas  ↑


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.