Tionscadal Leasa Choitinn

Tá an tionscadal ainmnithe mar Thionscadal Leasa Choitinn (TLC) ag an AE. Is é is TLC ann ná tionscadal bonneagair a thacaíonn le hoibríochtaí na gcóras fuinnimh i dtíortha an AE. Tugann sé seo stádas níos airde don tionscadal agus déanann sé an nós imeachta ceadaithe agus toilithe a chuíchóiriú.


Áiríodh Stáisiún Hidrileictreach Bhéal Átha Gabhann sa 4ú liosta TLC mar uimhir 2.29 agus choinnigh sé a ainmniú mar TLC ar aghaidh chuig an 6ú liosta TLC mar uimhir 1.13 Stáisiún Hidrileictreach Bhéal Átha Gabhann (IE) faoi Gréasáin thras-Eorpacha Fhuinnimh (GTE-F) Rialachán 2022/869.

Tionscadal Leasa Choitinn de chuid an Aontais Eorpaigh

Meastar go bhfuil Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann tábhachtach chun margadh fuinnimh na hEorpa a fheabhsú agus chun cabhrú leis an AE a spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach.

Toisc gur TLC é Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann, tá rochtain aige ar thacaíocht airgeadais ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), ciste ar mhaithe le gréasáin fuinnimh, gréasáin iompair agus gréasáin dhigiteacha an Aontais Eorpaigh a fhorbairt.

Dhámh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) €4.3 milliún do Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann in 2023 chun staidéir chomhshaoil agus dearaidh atá tábhachtach ó thaobh cheadú an tionscadail de a chomhchistiú.

Tá Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann ag céim na réamhphleanála faoi láthair.

European flags on poles outside EC Offices
Comhchistithe ag an Aontas Eorpach
Téigh Suas  ↑


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.