Is éard atá sa tionscadal ná forbairt ar stáisiún cumhachta pumpála hidrileictrí ar scála na heangaí a stórálfaidh agus a ghinfidh fuinneamh glan ar éileamh d’eangach leictreachais na hÉireann.
Tá acmhainn 296MW agus suas le hacmhainn stórála laethúil 2 175 mheigeavatuair ag an tionscadal. Tá sé seo an-chosúil le sócmhainn de chuid BSL atá ann cheana, Cnoc an Turlaigh, atá i mbun oibríochta le 50 bliain!
Is le cuideachta Éireannach é an tionscadal agus tá sé á fhorbairt ag grúpa de dhaoine gnó atá lonnaithe i dTiobraid Árann agus tá cónaí ar bhaill foirne na cuideachta sa cheantar.
Tá an tionscadal ag an gcéim deartha agus réamhphleanála faoi láthair agus is é an spriocdháta do thosach na tógála ná a luaithe is an bhliain 2026.
Oibríonn sé trí úsáid a bhaint as dhá thaiscumar ar dhá ard éagsúla atá nasctha le chéile le bealach uisce píobaithe (ar a dtugtar an Loc-chomhla). Pumpáiltear uisce ó thaiscumar íochtarach go dtí taiscumar uachtarach nuair a bhíonn barraíocht fuinnimh ann. Nuair a bhíonn leictreachas de dhíth, scaoiltear an t-uisce agus gluaiseann sé tríd an loc-chomhla agus na tuirbíní chun leictreachas a tháirgeadh.
Is iad is Tionscadail Leasa Choitinn ann (TLC) ná tionscadail bhonneagair fhíor-riachtanacha a bhfuil sé d’aidhm acu margadh fuinnimh an Aontais Eorpaigh a neartú agus a chabhrú leis an AE a spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Díríonn TLC ar fhuinneamh inacmhainne, slán agus inbhuanaithe a sholáthar do gach éinne agus dícharbónú eacnamaíoch a chur chun cinn de réir Chomhaontú Pháras.
Beidh! Tá sé d’aidhm ag an tionscadal ‘lúba siúlóide’ nua a chruthú. Pléifimid smaointe éagsúla leis an bpobal ag comhairliúcháin phoiblí.
Tá, tá baill foirne fostaithe againn sa cheantar cheana agus táimid ag obair in éineacht le conraitheoirí agus le gnólachtaí áitiúla. Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn.
Tabharfaidh an tionscadal fostaíocht do timpeall is 400 oibrí le linn na tógála, agus le linn na céime oibríochtúla táthar ag súil leis go dtabharfaidh sé fostaíocht do suas le 50 fostaí sa stáisiún hidreachumhachta pumpála amháin.
Beidh seachdheiseanna fostaíochta eile.