Forléargas

Is tionscadal é Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann a dhéanfaidh mórshaoráid fuinnimh ghlan as seanláithreán mianadóireachta. Beidh sé ar an dara staisiún cumhachta taisce pumpála sa tír, d’oscail BSL staisiún Chnoc an Turlaigh in 1974.

Mórfhoinse fuinnimh a dhéanamh de sheanmhianach.

Aithnítear teicneolaíocht hidreachumhachta pumpála go forleathan mar mhodh glan, slán agus intaofa le leictreachas a stóráil agus a ghiniúint. Oibríonn sé trí úsáid a bhaint as dhá thaiscumar atá ar arda éagsúla. Pumpáiltear uisce ón taiscumar íochtarach go dtí an taiscumar uachtarach nuair a bhíonn barraíocht leictreachais ann. Nuair a bhíonn leictreachas de dhíth, gluaiseann uisce ar ais tríd na tuirbíní agus gineann sé seo cumhacht.

Cuirtear iontaoibh sa teicneolaíocht seo ar fud an domhain toisc go gcothromaíonn sé soláthar agus éileamh go héifeachtach, rud a fhágann go mbíonn sé mar chuid lárnach de go leor córais náisiúnta tarchurtha leictreachais.

Minister Ryan, Richard Thompson and Darren Quinn at Silvermines
An tUasal Richard Thompson, Comhpháirtí Foresight Group, Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus an tUasal Darren Quinn, Stiúrthóir Bainistíochta ar Siga-Hydro Limited.

Ag Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann, bainfear úsáid as an bpoll mianaigh atá ann cheana mar thaiscumar íochtarach, agus tógfar taiscumar uachtarach nua níos airde ar an sliabh. Aistrítear uisce idir an dá thaiscumar trí phíopaí móra atá páirtchurtha sa talamh. Ar an gcaoi seo, is féidir uisce a stóráil sa taiscumar uachtarach agus ansin é a scaoileadh le leictreachas a ghiniúint de réir éilimh. Seolfar an leictreachas atá ginte trí cháblaí faoin talamh chuig an eangach tarchurtha.

Stóráilte agus scaoilte chun leictreachas a ghiniúint ar éileamh

Téigh Suas  ↑


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.