Rannpháirtíocht an Phobail

Is cuid thábhachtach é rannpháirtíocht fhoirmiúil an phobail d’fhorbairt an tionscadail, agus molaimid duit a bheith páirteach. Táimid ag obair le pobail áitiúla agus le páirtithe leasmhara chun aiseolas a bhailiú, rud a chabhróidh linn pleananna agus dearaí deiridh an tionscadail a bheachtú.

Is céim bhunriachtanach í seo chun a áirithiú go gcomhlíonann an tioscadal a gcuid ceanglas comhshaoil agus dlí agus a gcuid ceanglas sóisialta. Agus muid ag dul ar aghaidh sa chéim seo chuig na céimeanna deartha mhionsonraithe, tógála agus coimisiúnaithe, déanfaimid cumarsáid oscailte leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara agus cloífimid leis na treoirlínte is gá chun a áirithiú go mbeidh rath ar an tionscadal.

Cosnaíonn Coinbhinsiún Aarhus ceart gach duine chun maireachtáil i dtimpeallacht shláintiúil agus ráthaíonn sé trí phríomhcheart don phobal maidir le saincheisteanna comhshaoil:

  • Rochtain ar fhaisnéis – an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh na n-údarás poiblí.

  • Rannpháirtíocht an phobail – an ceart chun bheith rannpháirteach i ndéanamh cinntí maidir leis an gcomhshaol.

  • Rochtain ar an gceartas – an ceart chun rochtain a fháil ar an gceartas.


Tagraíonn Rannpháirtíocht an Phobail do na sásraí éagsúla a thugann deiseanna don phobal teacht ar an eolas agus chun tuairimí a chur in iúl.

Tá clár cuimsitheach imeachtaí Rannpháirtíocht an Phobail beartaithe don Fhómhar 2024 agus fógrófar go forleathan é. Féach an tEolas Is Déanaí Faoin Tionscadal.

Chun feabhas a chur ar phleananna an tionscadail

Mar chuid dár gcur chuige, cuirimid fáilte roimh aiseolas ón bpobal agus ó pháirtithe leasmhara.

Déan Teagmháil Linn     → 

flooded Magcober pit
Taiscumar de dhéantús an duine atá ann cheana
Téigh Suas  ↑


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.