Taisce Pumpála – Cén Fáth?

Tharraing praghsanna arda fuinnimh le gairid aird ar an méid a bhraitheann Éire ar bhreoslaí allmhairithe le haghaidh leictreachas a ghiniúint. Is féidir an spleáchas seo a laghdú trí leictreachas a ghiniúint go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite. Táirgíonn foinsí inathnuaite fuinnimh méideanna leictreachais athraitheacha, áfach, agus mar thoradh air seo in amanna táirgtear barraíocht fuinnimh agus cuirtear amú é, agus in amanna eile ní thairgtear go leor leictreachais.

Is féidir le hidreachumhacht phumpála an fhadhb seo a réiteach trí fhuinneamh in-athnuaite iomarcach a ghabháil agus a scaoileadh nuair a bhíonn an ghiniúint íseal nó nuair a bhíonn t-éileamh ard, áirithíonn sé seo go mbíonn níos mó leictreachais atá tairgthe go háitiúil ar fáil do thomhaltóirí agus laghdaíonn sé an gá atá le stáisiúin cumhachta breosla iontaise a laghdú.

Cruthaithe agus iontaofa

Is teicneolaíocht é taisce pumpála atá cruthaithe, iontaofa, agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a bhfuil buntáistí suntasacha ag gabháil leis i gcomparáid le córais stórála fuinnimh eile. Tairgeann sé fuinneamh gan an gá le ceimiceáin nó mianraí tearca agus oibríonn sé gan astaíochtaí, rud a laghdaíonn an gá le breoslaí iontaise a úsáid. Chomh maith leis sin, bíonn saolré fada ag gléasraí taisce pumpála, níos faide ná caoga bliain go minic.

Aerial view of Turlough Hill Power Station
ESB Turlough Hill 292MW Hydroelectric Power Station, County Wicklow, Ireland


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.