Ár nDul Chun Cinn

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann agus tá sé ag obair tríd na nósanna imeachta deonaithe ceadanna de réir na dtreoirlínte le haghaidh TLC. Sa chéim seo beidh an fógra tionscadail, an nós imeachta réamhiarratais agus ansin an próiseas reachtúil deonaithe ceadanna.

Táimid ag obair faoi láthair ar roinnt cúraimí tábhachtacha, mar shampla suirbhéanna geolaíochta, seiceálacha gnáthóige, staidéir uisce, athbhreithnithe comhshaoil, agus dearadh innealtóireachta.

Comh maith leis sin, mar chuid den nós imeachta réamhiarratais, tá clár rannpháirtíocht an phobail á eagrú againn, ina mbeidh imeachtaí poiblí, nuachtlitreacha, agus ina gcomhroinnfear faisnéis chun aiseolas a bhailiú agus chun an tionscadal a bheachtú.

Tá d’aiseolas tábhachtach chun an tionscadal a mhúnlú sula dtéann sé ar aghaidh chuig an bpróiseas foirmiúil measúnaithe pleanála.


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.