Sula gCuirtear Tús Leis an Tógáil

De bhreis ar a stádas mar Thionscadal Leasa Choitinn de chuid an AE, ní mór do Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann na dlíthe pleanála céanna a bhíonn ar aon fhorbairt eile a chomhlíonadh chomh maith. Ag brath ar scála agus ar chineál an tionscadail, is féidir iarratais a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála agus chuig an Údarás Pleanála Áitiúil.

Ceadanna pleanála agus ceadúnais phleanála

Sular féidir tús a chur leis an tógáil, ní mór do Hidreachumhacht Bhéal Átha Gabhann Cinneadh Cuimsitheach a fháil ón mBord Pleanála, an tÚdarás Náisiúnta Inniúil le haghaidh TLC.

Is éard atá i gceist leis seo ná na ceadanna pleanála agus ceadúnais phleanála a fháil ó na húdaráis ábhartha le cur ar chumas an tionscnóra tionscadail tús a chur leis an tógáil.

  • Comhairle Contae Thiobraid Árann

  • An Bord Pleanála (Forbairt Bonneagair Straitéisigh)

  • An Coimisiún um Rialáil Fóntais

  • Comhlachtaí Rialaitheacha Eile (mar is cuí)

the brown road-at silvermins-selina-omeara
Bóthar Rochtana Shuíomh an Tionscadail


Comhchistithe ag an Aontas Eorpach. Is leis an údar amháin aon bharúil agus aon tuairim agus ní gá gurb ionann iad agus barúlacha agus tuairimí an Aontais Eorpaigh nó CINEA. Ní féidir leis an Aontas Eorpach ná le CINEA a bheith freagrach astu.